Na luathaoiseanna agus an mheánaois

Tá láithreacha eaglasta a bhain leis an Luath-Chríostaíocht fairsing go maith ar fud Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Tá na déanmhais seo a leanas fós le feiceáil: fothracha teampall (Baile Amhlaoibh; Oileán Dheilginse; agus Cill na Gráinsí), imfháluithe (Baile Amhlaoibh; Ráth Michíl), crosa cloiche idir an Ardchros (An Tulaigh) agus cros i stíl an Fhasaigh Rua araon (An Charraig Dhubh; Cill Adhgair; Ráth Michíl; agus Cill Tuca (ar a nglaoitear Seanchill anois)), chomh maith le samplaí de láithreacha cráifeacha atá go forleathan agus lena n-áirítear tobair naofa (Oileán Dheilginse, Talamh an Tobair Naofa, Dún Droma; Tobar Naí (An Charraig Dhubh); Baile Shéamais), leaca uaighe (lena n-áirítear Leaca Ráth an Dúin).Rinneadh athfhorbairt ar go leor de na láithreacha seo sa 12ú haois agus sa 13ú haois nuair a bunaíodh struchtúr deoisí agus paróistí an chliarlathais a tharla tar éis leasú a bheith déanta ar an eaglais. Bhí an réigiún curtha isteach faoi chúlchríocha Bhaile Átha Cliath faoin am seo agus tharla sé gur tháinig go leor den talamh sa limistéar faoi úinéireacht na hEaglaise. Athraíodh bunús na gcleachtas dlí, airgeadais, polaitíochta agus tionachta talún sa tír tar éis do na Normannaigh í a ghabháil.

Gné chomónta ón tréimhse mheánaoiseach ba ea gur thug an limistéar cosaint do Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá an limistéar breactha le caisleáin (Dún Droma, Baile na Manach, Seanchill) agus ba thar shléibhte eibhir agus aníos as gleannta ceilte shléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin ba mhó a thiocfadh an t-ionsaí. Ní léir ón tírdhreach fiáin go bhfuil an limistéar chomh hard is atá ach mar sin féin tá de cháil air gurb é sin an limistéar tailte arda is fairsinge in Éirinn. Áit chosanta ba ea an limistéar ag meirligh agus ag reibiliúnaigh nuair a bhídís ar a dteitheadh, ó Ghaeil de shliocht Uí Bhroin agus Uí Thuathail a chaith na céadta bliain ag tabhairt ruathar faoin limistéar go dtí saighdiúirí reibiliúnacha a bhí fós beo tar éis Éirí Amach 1798. Tógadh bóthar míleata (an R115 mar atá anois), agus garastúin in áiteanna éagsúla air, idir 1800-09. Shín an bóthar ó Ráth Fearnáin go Bóthar Achadh Mheánach, rud a d’fhág an limistéar iomlán faoi rialú go luath san ochtú haois déag. Thiocfadh an t-ionsaí thar farraige isteach freisin. Sa bhliain 1795 lonnaíodh campa míleata i mBaile An Locháin, thuas os cionn Chuan Chill Iníon Léinín, áit a raibh na bóithre áitiúla ag teacht isteach ina chéile. Bhí an campa ann le troid in aghaidh cibé ionradh a dhéanfadh na Francaigh. Ba ghá an cósta a dhaingniú tuilleadh agus tógadh bóithre míleata agus 14 Bhataire nó Túr Martello idir Dubhach Thrá agus Bré i dtréimhse bliain go leith, agus d’oscail an obair thógála sin suas an áit níos mó fós.

Bhíodh aghaidh na dturasóirí comhaimseartha ar an dúiche chomh fada siar leis an ochtú haois déag nuair ba nós leis an bpobal Riviera na hÉireann a thabhairt uirthi. Thóg lucht an airgid tithe móra feadh an chósta agus bhaist siad a leithéidí d’ainmneacha orthu, Maretimo agus Frascati mar shampla, is a mheabhródh an Turas Mór dóibh. Bhaineadh cuairteoirí taitneamh as an radharc tíre agus as a bheith ag snámh agus bhídís ag tarraingt ar an teach caife a tógadh i mbaile Dhún Laoghaire i lár an chéid.
Ní raibh i nDún Laoghaire tráth ach baile beag iascaireachta suite ar chuaisín ar chósta sceireach oirdheisceart Bhaile Átha Cliath ach tá carrchaladh agus ionad mór luamhaireachta ann anois. Sheas fothrach an dúin a bhíodh ag Laoghaire, as a dtáinig an t-ainm Dún Laoghaire, go dtíc.1805 nuair a tógadh ceann de thúir Martello ar an láthair. Faoin mbliain 1838 ní raibh aon túr ann mar gur leagadh é mar chuid den obair ullmhúcháin don iarnród.