Fúinn

Ráiteas Misin Leabharlanna dlr

Is é misean Leabharlann Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin daoine a nascadh agus a chumhachtú, smaointe a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt d'acmhainneacht an phobail

Na Leabharlanna

Is cuid den Rannóg um Fhorbairt Phobail agus Cultúra atá i gComhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin iad Leabharlanna dlr agus an Oifig Ealaíon. Tá ocht leabharlann bhrainse sa chontae a dhéanann freastal ar riachtanais oideachais agus áineasa na ndaoine a chónaíonn, a oibríonn nó a bhíonn ag staidéar i limistéar Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Is 58,000 líon bhallraíocht reatha na leabharlann agus is ag ardú atá an líon sin.  Tugadh amach 1.4 milliún leabhar anuraidh.