Ní féidir dul isteach ar na hacmhainní ar líne seo a leanas ach amháin inar mbrainsí leabharlainne. Déan teagmháil, le do thoil,
le do leabharlann áitiúil chun seisiún a chur in áirithe nó chun tuilleadh eolais a fháil:
Cartlann na Nuachtán Éireannach
An bunachar sonraí de nuachtáin Éireannacha is mó dá bhfuil ar líne in aon áit ar domhan. Gheofar roinnt mhaith de phríomhnuachtáin na hÉireann ó na 1700idí go dtí an lá atá inniu inti, idir nuachtáin náisiúnta, réigiúnacha agus nuachtáin atá as cló.
Cartlann The Irish Times
Cartlanna inchuardaithe de The Irish Times siar go dtí 1859. Tá os cionn 16 mhilliún alt inti.
Suirbhéireacht Ordanáis Éireann
Is féidir breathnú ar léarscáileanna staire ar líne. Tá siad inchuardaithe de réir contae, baile fearainn nó dúiche.
Is cartlann dhigiteach í seo ina bhfuil os cionn 1,500 d'irisleabhair thábhachtacha an tsaoil acadúil agus a bhaineann leis na daonnachtaí, na heolaíochtaí agus na heolaíochtaí sóisialta, chomh maith le monagraif roghnaithe agus le hábhair eile a bhíonn an-fhóinteach don saol acadúil.
Tairseach ar líne mar ar féidir Rochtain Oscailte a úsáid chun teacht ar thaighde Éireannach atá foilsithe.