Ríomhaire a chur in áirithe & Seirbhísí Ríomhaireachta

Féadfaidh daoine fásta ríomhaire a chur in áirithe in aon Leabharlann dlr ar an teileafón nó ar an suíomh gréasáin seo. Ní bheidh uait ach d’uimhir Iasachtaí agus do UAP. Cuimhnigh gur gá duit do thicéad leabharlainne a thabhairt leat chun an ríomhaire a úsáid.

Ríomhaire a chur in áirithe

Bíodh a fhios agat freisin nach féidir Ríomhaire áirithe a chur in áirithe ar an suíomh gréasáin seo. Déan teagmháil le do leabharlann má theastaíonn Ríomhaire ar leith uait.
50 nóiméad a mhaireann na seisiúin.  Féadfaidh tú seisiún amháin a chur in áirithe in aghaidh an lae agus é sin a dhéanamh 1 seachtain amháin roimh ré.
Bíodh an dáta agus an t-am atá curtha in áirithe seiceáilte agat i gcónaí sula nglacfaidh tú leo.  Cuirfidh an córas an chéad seisiún eile atá ar fáil in áirithe mura mbíonn an ceann a iarrfaidh tú ar fáil.
Mura mbíonn ríomhaire curtha in áirithe agat agus má bhíonn ceann saor, beidh fáilte romhat é a úsáid ach lena bheith cinnte go bhfaighidh tú Ríomhaire ba chóir duit é a chur in áirithe roimh ré i gcónaí.
 Ríomhaire a chur in áirithe

Seirbhísí Ríomhaireachta

Tá ríomhairí poiblí a bhfuil rochtain ar an Idirlíon uathu i ngach ceann dár mbrainsí.  Tá ríomhairí glúine lena n-úsáid ag an bpobal ar fáil i Leabharlanna Ghráinseach an Déin, Dhún Laoghaire, Dhún Droma agus Stigh Lorgan.
Is féidir ríomhairí agus ríomhairí glúine a chur in áirithe go pearsanta, ar an bhfón, le ríomhphost nó ar líne.
Féadfaidh baill leabharlainne an Wi-fi atá i ngach leabharlann phoiblí a úsáid. Tá fáilte roimh iasachtaithe a ríomhairí glúine féin, a dtáibléid etc. a úsáid inár mbrainsí.