Stair Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin

Stair Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin

Bunaíodh an contae i 1994 nuair a cónascadh Buirg Dhún Laoghaire le codanna de Chontae Bhaile Átha Cliath, ach tá stair fhada fhairsing ag an gceantar agus fianaise ann go raibh lonnaíocht sa limistéar ginearálta chomh fada siar le 6,000 bliain ó shin. Bhain an fharraige agus an chúlchríoch thuaithe i gcónaí le stair na háite. Tá dlúthnasc idir an ceantar agus Baile Átha Cliath agus léirítear leis an líon mór caisleán ar fud an chontae an suíomh mar dhúiche a bhí ag síneadh le Sléibhte Chill Mhantáin. Le cúpla céad bliain anuas, tá nasc níos dlúithe idir an ceantar agus an chathair agus sráidbhailte ag éirí isteach ina mbruachbhailte.