Athosclaíodh Leabharlann na Carraige Duibhe an 16 Meitheamh 2014 i ndiaidh athchóiriú mór. Tá an leabharlann, a bhí céad bliain d’aois in 2005, tugtha cothrom le dáta go hiomlán. Tá nuachóiriú déanta uirthi agus síneadh curtha léi agus cuireadh leis na gnéithe bunaidh den fhoirgneamh cosanta Carnegie seo.
I measc na ngnéithe nua tá:
- Mezzanine
- Seirbhís idirlín phoiblí níos fearr
- Áiseanna féinseirbhíse, lena n-áirítear priontáil (ar an láthair, ó fhón póca agus ón mbaile)
- Rogha níos mó leabhar, CDanna agus DVDanna
- Áiseanna staidéir
- Seomra léitheoireachta ar leithligh–foirfe do chlubanna leabhar, irisí a léamh, nó do scíth a ligean.
How to get to An Charraig Dhubh Library
Eolas an bhealaigh chuig an leabharlann
DART (Iarnród): 5 nóiméad siúil ó Stáisiún na Carraige Duibhe Bus: 4 as Baile Anraí, 4 as Sráid an tSrutháin; 7, 8 as Baile Átha Cliath; 7 as Dún Laoghaire; 8 as Deilginis; 17 as Dún Droma; 84 as an gCaisleán Nua agus Bré; 114 as Cill an Chrosaire