200 leabhar den scoth do leanaí ó lapadáin go déagóirí

Cuirtear fáilte romhat súil a chaitheamh ar 200 de na leabhair is fearr agus is mó tóir do leanaí agus do dhéagóirí, ó 0 go 18 mbliana d’aois, i Leabharlanna dlr.

Tá iarracht déanta againn cothromaíocht a bhaint amach idir sárleabhair a bhfuil tóir orthu le fada agus roghanna an lae inniu, agus déanfar na liostaí a nuashonrú gach bliain. Roghnaíomar teideal amháin leis na húdair ar an liosta, ach tá leabhair nó sraitheanna eile scríofa ag go leor díobh agus tá formhór an tsaothair sin ar fáil sna 8 leabharlann bhrainse. Féach an chatalóg nó cuir ceist ar bhall foirne an bhfuil an saothar sin ar fáil.