Bailiúchán na leabharlainne

Leabhair, Nuachtáin agus Irisí

Tá breis is 300,000 ní ar fáil saor in aisce lena dtógáil ar iasacht ó leabharlanna brainse dlr.Tá nithe sa bhailiúchán a d’fheilfeadh do dhaoine idir óg agus aosta cibé céard is spéis leo.Caith súil ar ár gcatalóg de na leabhair mhóréilimh is déanaí, den litríocht chlasaiceach nó chomhaimseartha, nó roghnaigh ón réimse leathan d’ábhar oideachais, áineasa agus cultúrtha atá ar na seilfeanna againn.
Bíonn nuachtáin agus irisí ar fáil i ngach brainse.

Ní leabhar atá uait?
Tá bailiúchán breá de DVDanna, cluichí ríomhaireachta, leabhair thaifeadta, dlúthdhioscaí agus cúrsaí teanga sna brainsí atá againn.

Leabhair le híoslódáil
Is féidir leat closleabhair, ríomhleabhair, ceol agus físeáin a bhrabhsáil, a thógáil amach agus a íoslódáil le do chárta leabharlainne 24 uair an chloig sa lá, 7 lá na seachtaine.

Taighde agus Eolas
Tá formhór an ábhair thaighde atá againn ar fáil ar líne agus coinnítear rogha bheag de leabhair i ngach leabharlann chun iad a bheith ann mar ábhar tagartha.Is féidir foirmeacha iarratais a aimsiú agus a íoslódáil ar ríomhairí dár gcuid atá ann don phobal chun dul ar an idirlíon.

Cé nach bhfuil a raibh uait faighte fós agat?
Féadfaidh tú teacht ar bhreis is 300,000 ní a choinnítear i Leabharlanna dlr gan cent a íoc má bhíonn do chárta leabharlainne agat. Féadfaidh tú nithe a fháil ar iasacht nó na hiasachtaí a fuair tú a thabhairt ar ais in aon cheann de bhrainsí dlr.
Féadfaidh tú nithe atá ar iasacht a iarraidh nó nithe atá i mbrainsí eile a iarraidh agus iad a bhailiú i do leabharlann áitiúil. Féadfaidh tú freisin ábhar a ordú as formhór na leabharlann poiblí in Éirinn.

Cuirfidh muid ar an eolas thú le ríomhphost nó trí ghlaoch teileafóin nuair a thiocfaidh an ní a d’iarr tú isteach. Cuir cibé modh is rogha leat in iúl do do bhrainse le do thoil.
Is féidir leabhair atá as cló, ailt in irisí agus nithe speisialtóireachta as leabharlanna eile in Éirinn agus as áiteanna ar fud an domhain a fháil tríd an tSeirbhís Iasachta Idirleabharlann. Gearrtar táille €5 as an tseirbhís seo. Gheobhaidh tú na sonraí ach iad a fhiosrú le do bhrainse áitiúil.