Cuir ní in áirithe
Féadfaidh iasachtaithe nithe a chur in áirithe ó aon cheann de leabharlanna DLR agus féadfar na nithe sin a chur ar aghaidh chuig a mbrainse áitiúil.
Féadfar freisin nithe a bhíonn amuigh ar iasacht ag an am a chur in áirithe. Nuair a thiocfaidh na nithe isteach sa bhrainse roghnaithe, cuirfear sin in iúl do na hiasachtaithe le glaoch teileafóin nó le ríomhphost, cibé is rogha leo.

Chun ní a chur in áirithe:
- Cuardaigh an ní i gCatalóg na Leabharlainne
- Cliceáil ar 'Cuir in Áirithe'
- Cuir isteach uimhir do chárta leabharlainne agus an UAP agus lean na treoracha a thugtar ar an scáileán