Cén bhrí atá leis an ainm?

Tháinig leathbharúntacht Bhaile Átha Cliath faoi réim Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath, ba é sin Ráth an Dúin (Dúiche Uimh. 1). Tháinig Ráth an Dúin (Dúiche Uimh. 2) faoi réim Chontae Chill Mhantáin. Baile iascaireachta ba ea Dún Laoghaire ar dtús (nó Kingstown mar ab ainm dó idir 1821-1920) ar a dtugtaíDunlary nó Dunleary i mBéarla, agus dá réir sin ba i leathbharúntacht Bhaile Átha Cliath a bhí sé ach nuair a tógadh an baile nua bhí sé faoi Rialtas áitiúil ar leithligh, comhairle buirge, ón mbliain 1821 go 1994.

Ní chomhfhreagraíonn sean-leathbharúntacht Ráth an Dúin go díreach leis an limistéar nua contae mar go raibh Ráth Fearnáin agus Tír an Iúir (Féach an Léarscáil anseo) istigh inti ach nuair a bunaíodh an contae nua sa bhliain 1994 bhí macalla an tseanama san ainm.