An Réamhstair

Tháinig na chéad daoine isteach sa chontae nuair a bhí an Oighearaois deiridh thart agus nuair a bhí an tréimhse Mhéisiliteach ag críochnú. Tháinig na chéad sealgairí agus iascairí isteach sa limistéar feadh an chósta, ar na haibhneacha agus ar na srutháin am éigin thart ar 5,000-3,300 RC. Is fianaise go raibh daoine ann thart ar an tréimhse sin na huirlisí suaithinseacha breochloiche ar a nglaoitear “calóga na Banna” a fuarthas ag láithreacha amhail Oileán Dheilginse, Dún Laoghaire agus Baile Uí Lachnáin.  De réir a chéile thug na lonnaitheoirí ba thúisce faoin gcineál feirmeoireachta a bhain leis an tréimhse Neoiliteach mar go raibh ainmhithe á gcoinneáil acu ar an talamh agus go raibh barra gráin ag fás acu.  Chuige sin ba ghá foraoisí a ghlanadh agus lonnaíochtaí seasta a bhunú ina mbeadh tithe agus córais pháirceanna. Fuarthas tuanna cloiche ar an gCarraig Dhubh, i nDún Droma, i mBaile na Manach agus i nDún Laoghaire.

Taispeánann leachtanna allamuigh ón tréimhse seo go raibh cultas nua a bhain leis na mairbh i bhfeidhm. Tá cineálacha éagsúla de na tuamaí Meigiliteacha sin ann; bhain an Tuama Ursanach (nó, ‘dolmain’) leis na deasghnátha adhlactha comhchoiteanna Neoiliteacha faoi mar a tharlaíodh i gCill Tiarnáin ach tráth a rabhthas ag úsáid an mhiotail tugadh cúl leo sin agus tugadh na deasghnátha aonaracha isteach mar a gcuirtí earraí san uaigh, faoi mar a tharlaíodh leis an adhlacadh sa tuama dingeach (Baile Éamainn Duibh, Seanchill), agus leis an adhlacadh Ciste (Páirc Stigh Lorgan, Gráinseach an Déin, Baile Éamainn).  Tá na leachtanna atá fós ina seasamh le feiceáil ar thalamh ard i ndeisceart agus in iarthar an chontae. 
B’iontach an dul chun cinn sna scileanna é go ndearnadh miotal as cloch chun déantáin nua a dhéanamh (uirlisí, ornáidí agus uirlisí troda).  Fuarthas fríotha go leor agus ina measc bhí tua chopair a fuarthas i gCábán tSíle, ceann sleá déanta as cóimhiotal copair a fuarthas i Ráth Michíl, tuanna cré-umha i Stigh Lorgan, Tigh an Chnoic, agus bráisléad óir neasfháinneach i mBaile na Manach.  

Is tréimhse réamhstaire í an Iarannaois (600 RC go 400AD) a mbaineann doiléire léi tríd is tríd in Éirinn.  Tugann dún cnoic i Ráth Michíl agus an ceann sleá a fuarthas ann le fios gur lárionad polaitíochta a bhíodh i réigiún Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Tá lear mór gallán a bhaineann leis an tréimhse seo agus le tréimhsí níos luaithe scaipthe ar fud na háite, i gCábán tSíle, sa Bhaile Nua mar shampla agus freisin, “An Chloch Bhán”, atá i nGleann Cuilinn. 
Mhair an tsochaí tuaithe agus treibhe réamhstaire in Éirinn síos tríd an Iarannaois agus go dtí an luath-mheánaois.  Tháinig athrú ar an oidhreacht thógtha le ré na Críostaíochta a thosaigh sa 5ú haois agus ba mhinic mainistreacha agus teampaill á dtógáil ar láithreacha a bhí bunaithe rompu.  Bhí tábhacht le Ráth Michíl mar láthair eaglasta agus ba é an cloigtheach a sheas ina chomhartha suntais don limistéar an uair sin faoi mar a sheas an dún ar an gcnoc roimhe. Cuid de ríocht Laighean ba ea Dún Laoghaire-Ráth an Dúin mar a mbíodh cuid de thuath Chualann tráth agus bhí limistéar shléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin agus an cósta atá cóngarach dóibh faoi.  
ar ais go barr