An Leabharlann is Cóngaraí duit

Tá ocht leabharlann bhrainse sa chontae a dhéanann freastal ar riachtanais oideachais agus áineasa na ndaoine a chónaíonn, a oibríonn nó a bhíonn ag staidéar i limistéar Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Is 58,000 líon bhallraíocht reatha na leabharlann agus is ag ardú atá an líon sin.  Tugadh amach 1.4 milliún leabhar anuraidh. Féadfaidh tú teacht ar mhionsonraí teagmhála, suíomhanna brainsí, uaireanta oscailte, saoráidí agus imeachtaí atá le teacht chuig gach leabharlann ach cliceáil ar na naisc thíos.