Tabhair faoi deara le do thoil, go bhfuil na leabharlanna go léir dúnta faoi láthair, de bharr go bhfuil an tír ag Leibhéal 5 maidir le Covid-19. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn tríd an ríomhphost. Tá ár n-acmhainní ar líne ar fáil mar is gnách ar ár suíomh gréasáin.
Osclaíodh Leabharlann Carnegie Chábán tSíle sa bhliain 1912 agus cheiliúir sí a céad bliain ar an bhfód in 2012. Bhí tionchar ag an ngluaiseacht Ealaíon agus Ceirdeanna ar a stíl ailtireachta agus áirítear stuaic umha, díon ar a bhfuil tíleanna gorma agus dearga agus fuinneoga luaidhe lena sainghnéithe.