Tabhair faoi deara le do thoil, go bhfuil na leabharlanna go léir dúnta faoi láthair, de bharr go bhfuil an tír ag Leibhéal 5 maidir le Covid-19. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn tríd an ríomhphost. Tá ár n-acmhainní ar líne ar fáil mar is gnách ar ár suíomh gréasáin.
Tuilleadh eolais anseo
Bí sábháilte, fan sa bhaile
Bíonn fáilte roimh gach duine i Leabharlanna Poiblí DLR. Bíonn fáilte againn roimh chuairteoirí a fheadfaidh súil a chaitheamh ar ár mbailiúcháin, breathnú ar thaispeántais agus freastal ar imeachtaí leabharlainne.Is gá duit a bheith i do bhall chun ábhar a fháil ar iasacht, staidéar a dhéanamh, ríomhaire a úsáid nó rochtain a fháil ar na hacmhainní atá againn ar líne. Tá an bhallraíocht saor in aisce.
Le bheith i do bhall den leabharlann níl le déanamh ach clárú ANSEO nó i do leabharlann áitiúil. Teastóidh uait aitheantas fótagrafach chomh maith le cáipéis amháin a mbeidh do sheoladh reatha air, a bhreith leat go dtí do leabharlann áitiúil dlr, mar shampla, ceadúnas tiomána, bille leictreachais nó leabhar oifig an phoist. Maidir le gach cáipéis a bheidh in úsáid agat mar chomhartha aitheantais, is gá gur cáipéis í a fuair tú le 6 mhí anuas.
Is gá go mbeadh tuismitheoir nó caomhnóir i gcónaí i dteannta leanaí faoi bhun 8 mbliana d’aois.