Scéim Leabharlanna dlr maidir le Léitheoireacht Sláintiúil
Tá fianaise ann a thugann le tuiscint go bhféadfaidh leabhair féinchabhrach ar ardchaighdeán comhairle phraiticiúil agus straitéisí a thabhairt do dhuine chun déileáil le raon leathan fadhbanna sláinte agus saincheisteanna iompraíochta. Bibliteiripe a thugtar ar leabhair a úsáid chun críocha féinchabhrach. Tá réimse ábhair féinchabhrach ag Scéim Leabharlanna dlr maidir le Léitheoireacht Sláintiúil a phléann le topaicí éagsúla.
Tá an scéim roinnte againn de réir dhá liosta ar leithligh, ceann do Leanaí agus Teaghlaigh agus ceann eile do Dhaoine Fásta. I measc na dtopaicí a dtugtar aghaidh orthu tá dúlagar, imní, strus, fearg, neamhoird itheacháin, bás, andúil, tuismitheoireacht agus go leor eile. Féadfaidh tú na leabhair a fháil ar iasacht saor in aisce ó do leabharlann áitiúil. Mura bhfuil tú i do bhall fós de Leabharlanna dlr, tabhair leat comhartha aitheantais a mbeidh do sheoladh reatha air agus féadfaidh tú clárú ar an bpointe. Má tá an leabhar atá uait amuigh ar iasacht cheana féin, féadfaidh tú é a chur in áirithe agus déanfaimid teagmháil leat nuair a bheidh sé ar fáil.
Níl sna leabhair ar ár liostaí ach rogha beag den stoc atá sna leabharlanna brainse. Sa chás nach n-aimsíonn tú an rud atá uait láithreach, beidh go leor roghanna eile romhat, mar sin ná bíodh drogall ort ceist a chur ar an bhfoireann i do leabharlann áitiúil. Cuimhnigh i gcónaí, má theastaíonn tuilleadh cabhrach uait, bí cinnte go ndéanfaidh tú teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh chun comhairle ghairmiúil agus tacaíocht bhreise a