Leabhair Speakeasy agus Easy Read

I ndiaidh an chúrsa SpeakEasy ar éirigh thar cionn leis in Ionad Oideachais na Carraige Duibhe, tá ríméad ar Leabharlanna DLR sraith leabhar comhlántach “Easy Read” a chur ar fáil, chomh maith le hábhair eile atá ar fáil anois i Leabharlann Ghráinseach an Déin.

Tá na sraitheanna leabhar SpeakEasy agus Easy Read dírithe ar thuismitheoirí leanaí a bhfuil riachtanais tacaíochta bhreise acu. Tá siad deartha chun an t-eolas, an muinín agus na scileanna a chur ar fáil do thuismitheoirí chun labhairt lena gcuid leanaí, déagóirí agus daoine óga faoi mhíchumas intleachtúil faoi bheith ag fás aníos, caidrimh agus gnéasacht. Cuimsíonn an bailiúchán leabhar Easy Read raon topaicí eile a bhaineann le bheith ag fás aníos le riachtanais speisialta chomh maith.

Is comhthionscnamh de chuid Chumann Pleanála Teaghlaigh na hÉireann agus RUA (St. John of God Hospitaller Ministries) é an cúrsa SpeakEasy.

Is comhthionscnamh de chuid Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus RUA (St. John of God Hospitaller Ministries) é an bailiúchán leabhar Easy Read agus seoladh é i Leabharlann Ghráinseach an Déin an 11 Nollaig 2013.
Cliceáil thíos leis an liosta iomlán teideal atá ar fáil le fáil ar iasacht i Leabharlann Ghráinseach an Déin a fheiceáil.