Pacáistí Leabhar

 Pacáistí Leabhar

Tá os cionn 220 pacáiste leabhar i Leabharlanna dlr do scoileanna, grúpaí léitheoireachta agus clubanna leabhar. Tá siad roinnte de réir dhá liosta: Pacáiste Seomra Ranga do Bhunscoileanna agus do Mheánscoileanna agus Pacáiste do Chlubanna Leabhar do Dhaoine Fásta

Tá cur síos gearr ar na leabhair mar chuid de gach liosta.

Pacáistí Seomra Ranga

Tá os cionn 6,000 ní i dtacar seomra ranga dlr. Bíonn líon éagsúil leabhar sna pacáistí, ó 10 gcóip go 30 gcóip; feileann cuid díobh do ranganna bunscoile, feileann tuilleadh do ghrúpaí beaga i meánscoileanna. Féadfar pacáistí a thógáil amach ar iasacht ar feadh 3 mhí san iarraidh. Má bhíonn faoi mhúinteoirí pacáistí le haghaidh an tseomra ranga a thógáil ar iasacht caithfidh siad cárta Blociasachta a bheith acu óna leabharlann áitiúil. Le ceann díobh seo a fháil ní mór duit cruthúnas ar sheoladh baile (bille fóntais reatha, etc.) a thaispeáint chomh maith le litir ó phríomhoide do scoile á rá go bhfuil tú fostaithe sa scoil sin. Féadfaidh tú na leabhair a bhailiú ón leabharlann bhrainse is rogha leat.

Bíonn cuntas gearr istigh le gach leabhar agus moltar aois léitheoireachta chomh maith.  Tabhair ar aird gur treoir agus sin amháin atá san aois léitheoireachta a mholtar; d'fhéadfadh go bhfeilfeadh teidil go leor do ghrúpaí atá beagán faoin aois nó os cionn na haoise a mholtar.

Pacáistí do Chlubanna Leabhar do Dhaoine Fásta

Tá an liosta do Dhaoine Fásta comhdhéanta de leabhair atá rangaithe sa chatalóg mar leabhair do dhaoine fásta agus a roghnaíodh le haghaidh Clubanna Leabhar do Dhaoine Fásta agus le haghaidh grúpaí léitheoireachta. Tá 1,625 ní sa bhailiúchán (amhail Meán Fómhair 2017)
Lena fháil amach an bhfuil aon cheann de na pacáistí ar fáil, nó chun iad a chur in áirithe, déan teagmháil le do leabharlann áitiúil nó seol ríomhphost chuig libraryculture@dlrcoco.ie.

 

Ceisteanna a Chuirtear go Minic faoi Phacáistí do Chlubanna Leabhar do Dhaoine Fásta

1.    Céard é Pacáiste do Chlub Leabhar?
Is éard atá i bPacáiste do Chlub Leabhar ilchóipeanna de leabhar (suas le 20), lena úsáid ag clubanna leabhar agus ag grúpaí a phléann leabhair.

2.    Cad iad na teidil atá ar fáil mar Phacáistí do Chlubanna Leabhar?
Féach an liosta iomlán de Phacáistí do Chlubanna Leabhar anseo.

3.    Cé a fhéadfaidh Pacáistí do Chlubanna Leabhar a thógáil amach?
Féadfaidh club leabhar ar bith atá lonnaithe i gceantar Dhún Laoghaire Ráth an Dúin Pacáistí do Chlubanna a thógáil amach. Féadfaidh baill an chlub cóip amháin nó roinnt cóipeanna de leabhar a thógáil amach lena scaipeadh ar bhaill an chlub.

4.    Cé atá freagrach as leabhair i bPacáiste do Chlub Leabhar a thabhairt ar ais?
An duine a thógann an leabhar/na leabhair sa Phacáiste do Chlub Leabhar atá freagrach as an leabhar/na leabhair a thabhairt ar ais.

5.    Cén áit a bhféadfaidh mé Pacáiste do Chlubanna Leabhar a bhailiú?
Is féidir Pacáistí do Chlubanna Leabhar a bhailiú ag leabharlann dlr ar bith. Aimsigh do leabharlann áitiúil anseo.

6.    Cén áit a bhféadfaidh mé Pacáistí do Chlubanna Leabhar a thabhairt ar ais?
Is féidir Pacáistí do Chlubanna Leabhar a thabhairt ar ais chuig leabharlann dlr ar bith.

7.    An féidir liom Pacáistí do Chlubanna Leabhar a chur in áirithe roimh ré?
Ní féidir le custaiméirí Pacáistí do Chlubanna Leabhar a chur ar coimeád iad féin ach an chatalóg leabharlainne a úsáid. Seol ríomhphost chuig libraryculture@dlrcoco.ie chun pacáiste do chlub leabhar a iarraidh.

8.    Cé chomh fada a fhéadfaidh mo chlub leabhar na leabhair sa Phacáiste do Chlubanna Leabhar a choimeád? 
Ar feadh ocht seachtaine a eisítear cóipeanna i bPacáistí do Chlubanna Leabhar.

9.    An bhféadfaimid na leabhair i bPacáiste do Chlubanna Leabhar a athnuachan?
Ní fhéadfaidh. Tabhair an pacáiste do chlubanna leabhar ar ais, le do thoil, lena chinntiú go mbeidh sé ar fáil le húsáid ag clubanna leabhar eile.