Féilte Leabharlainne

An Fhéile Leabhar do Leanaí

Leabhair Pháistí Éireann a eagraíonn an Fhéile Leabhar do Leanaí ar fud na tíre agus lena linn dírítear ar leabhair agus ar léitheoireacht do leanaí. Tugann údair agus maisitheoirí leabhar cuairt ar na leabharlanna i gcaitheamh mhí Dheireadh Fómhair chun dreas cainte a dhéanamh faoina gcuid leabhar agus chun bualadh le leanaí, cibé aois iad

 

Glórtha Leabharlann dlr 

Sraith ócáideach de chainteanna ó údair a bhíonn i gceist leis seo, idir údair Éireannacha agus údair idirnáisiúnta agus daoine mór le rá sa saol liteartha.

Is fada ó chuir an tseirbhís leabharlainne tús lena traidisiún láidir de chláir chultúrtha agus níl sa tsraith seo de chainteanna ó údair ach cuid den mhisean atá againn pearsana iomráiteacha as an saol liteartha a chur i láthair an phobail.

Féile Leabhar dlr, Ó Bheanna go Muir

Sa bhliain 2009 a cuireadh tús leis an bhFéile Leabhar, Ó Bheanna go Muir DLR, a bhíonn ar siúl i mí Mheán Fómhair gach bliain.  Cuireann lucht eagraithe na féile rompu freastal ar gach aois agus ábhar léitheoireachta agus seánra den uile chineál a bheith ar fáil agus féachann siad chuige go mbíonn meascán maith de léitheoireachtaí á ndéanamh ag údair as saothair scríbhneoirí idirnáisiúnta agus áitiúla, mar aon le ceardlanna, imeachtaí do leanaí agus tuilleadh le cois a chur ar bun.

Caith súil ar