Léigh irisleabhair ar líne

 Zinio

Cnuasach ríomhirisí atá i Zinio. Níl teorainn leis an líon irisí a fhéadfaidh tú breathnú orthu agus féadfaidh tú iad a choinneáil i do chuntas chomh fada agus is mian leat.

Más mian leat an tseirbhís seo a úsáid beidh ort cuntas a chruthú i Zinio.  Iarrfar ort uimhir do chárta leabharlainne a thabhairt. Tabharfaidh an cuntas seo cead isteach duit chuig cnuasach Zinio i Leabharlanna dlr.

Má theastaíonn uait breathnú ar iris teastóidh uait an dara cuntas a chruthú. Is gá duit an seoladh ríomhphoist céanna a úsáid le haghaidh an dá chuntas. Is é do chnuasach pearsanta féin de na hirisí a bheidh istigh sa chuntas seo. Tá gléasanna móibíleacha ann- aipeanna - a thugann deis do dhuine breathnú ar na hirisí a bhíonn ina chuntas pearsanta. Is féidir breathnú orthu ar líne nó as líne.

Má bhíonn cabhair uait tá leathanaigh ar an suíomh chuige sin agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh freisin le librarybib@dlrcoco.ie má bhíonn aon cheist le cur agat.Léigh Nuachtáin Ar Líne: Library Press Display