Leabhair ar líne

OverDrive

Cuirtear rogha mór ríomhLeabhar, closleabhar agus teideal ceoil agus físe ar fail le Overdrive.   Tá Overdrive bunaithe ar an 'tsamhail iasachta leabharlainne' lena ndéantar teidil 'a thógail amach' agus a eisiúint chiug do chuntas Overdrive ar feadh 21 lá. Féadfaidh tú suas le 12 ní a thógáil amach aon tráth áirithe. Má bhíonn ní tógtha amach ní bheidh sé ar fáil d’iasachtóirí eile go dtí go mbeidh an tréimhse iasachta 21 lá caite. Thúisce is a íoslódálfaidh tú an ní sin beidh sé le fáil agat ar do ríomhaire ach féadfaidh tú freisin é a aistriú go dtí gléas seachtrach cosúil le ríomhléitheoir, seinnteoir MP3, Fón Cliste, iPad nó táibléad. Tá aip ag Overdrive freisin trínar féidir leat na nithe a íoslódáil go díreach chuig an ngléas. Má tá suim agat i ní atá amuigh faoi láthair féadfaidh tú é a chur ‘in áirithe’ agus cuirfear ar an eolas thú le ríomhphost nuair a bheidh sé ar fáil. Bíodh a fhios agat nach bhfuil gléasanna Kindle comhoiriúnach le Overdrive in Éirinn. (Is féidir táibléid Kindle Fire a úsáid mar go ligeann siad duit an aip Overdrive a íosllódáil). Chun Overdrive a úsáid beidh uimhir do chárta leabharlainne agus d’uimhir aitheantais phearsanta (UAP) uait. Tá leathanaigh chabhrach ar an suíomh ach féadfaidh tú freisin teagmháil a dhéanamh le overdrive@dlrcoco.ie má bhíonn aon cheist agat. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ach cliceáil ar leathanach baile Overdrive ag Leabharlanna DLR.

Clósleabhair RBdigital (ar a tugadh OneClickDigital roimhe seo)

Cuirtear rogha mór teideal a bhfuil an-tóir orthu ar fáil le RBdigital Audiobooks. Chun an tseirbhís seo a úsáid, beidh ort cuntas a chruthú le RBdigital. Iarrfar uimhir do chárta leabharlainne ort nuair a chruthóidh tú an cuntas.

 

Féadfaidh tú ábhar a íoslódáil díreach chuig gaireas soghluaiste freisin ach an aip RBdigital a úsáid. Cliceáil anseo chun cuntas nua a chruthú

 

BorrowBox

Cuirtear ábhar digiteach ar ardchaighdeán, i bhfoirm ríomhleabhar agus ríomhchlosleabhar, ar fáil le Borrowbox. Íoslódáil leabhair dhigiteacha ó chuid de na húdair is mó tóir orthu ar domhan, chuig do ríomhaire nó chuig d’fhón cliste nó do tháibléad leis an aip BorrowBox. Logáil isteach ANSEO le huimhir do chárta leabharlainne agus do UAP.