Tagairt ar líne

The Oxford Dictionary of Family Names in Britain and Ireland

Tá breis is 45,000 iontráil sa saothar cuimsitheach seo a thugann sloinnte as Sasana, Albain, an Bhreatain Bheag, Éirinn agus Corn na Breataine. Ar an eolas faoi gach sloinne tá an dáileadh tíreolaíoch, stair an bhunúis agus nótaí ó thaobh tíreolais.

 

Féadfaidh tú rochtain a fháil ar an tseirbhís seo ach logáil isteach le huimhir do Chárta Leabharlainne. Cliceáil anseo chun dul chuig láithreán gréasáin an Oxford Dictionary of Family Names in Britain and Ireland.

 

 

Ask about Ireland
Is suíomh é seo ina gcuirtear Éire mar a bhí sí san am atá caite ar ár súile arís agus tugtar faisnéis ann maidir le gach gné de shaol mhuintir na hÉireann sa lá atá inniu ann lena n-áirítear ábhar fíorspéisiúil ó leabharlanna poiblí, músaeim agus cartlanna na hÉireann. Is féidir teacht ar Luacháil Uí Ghríofa ar an suíomh freisin.
http://www.askaboutireland.ie/

Foclóir Bheathaisnéisí na hÉireann
Tá breis is 9,000 beathaisnéis iarbháis le fáil ar an suíomh seo ón am is faide siar agus anuas go dtí an t-am atá anois ann agus cuirtear síos agus déantar measúnú iontu ar ghairmeacha a bhí ag Éireannaigh i ngach réimse den saol. Beidh uimhir do chárta leabharlainne agus d’uimhir aitheantais phearsanta uait chun an tseirbhís seo a úsáid.
http://libcat.dlrcoco.ie/cgi-bin/vps2.5_resource_auth.sh?resourcetype=4

Ciclipéid Britannica
Tá na mílte alt is féidir a chuardach agus na suíomhanna gréasáin a bhaineann leo le fáil ar an suíomh seo – ailt a roghnaigh údair Chiclipéid Britannica. Tá trí eagrán is féidir a roghnú: Leabharlann, Mac LéinnSóisearach. Beidh uimhir do chárta leabharlainne agus d’uimhir aitheantais phearsanta uait chun an tseirbhís seo a úsáid.
 

Ní féidir dul isteach ar na hacmhainní ar líne seo a leanas ach amháin inar mbrainsí leabharlainne. Déan teagmháil, le do thoil,le do leabharlann áitiúil chun seisiún a chur in áirithe nó chun tuilleadh eolais a fháil:

Cartlann na Nuachtán Éireannach

An bunachar sonraí de nuachtáin Éireannacha is mó dá bhfuil ar líne in aon áit ar domhan.  Gheofar roinnt mhaith de phríomhnuachtáin na hÉireann ó na 1700idí go dtí an lá atá inniu inti, idir nuachtáin náisiúnta, réigiúnacha agus nuachtáin atá as cló.

Cartlann The Irish Times

Cartlanna inchuardaithe de The Irish Times siar go dtí 1859. Tá os cionn 16 mhilliún alt inti.

Suirbhéireacht Ordanáis Éireann

Is féidir breathnú ar léarscáileanna staire ar líne. Tá siad inchuardaithe de réir contae, baile fearainn nó dúiche.

JSTOR

Is cartlann dhigiteach í seo ina bhfuil os cionn 1,500 d'irisleabhair thábhachtacha an tsaoil acadúil agus a bhaineann leis na daonnachtaí, na heolaíochtaí agus na heolaíochtaí sóisialta, chomh maith le monagraif roghnaithe agus le hábhair eile a bhíonn an-fhóinteach don saol acadúil.

RIAN

Tairseach ar líne mar ar féidir Rochtain Oscailte a úsáid chun teacht ar thaighde Éireannach atá foilsithe.