Cúrsaí ar líne

Universal Class

Tugtar eispéireas oideachais ar líne uathúil do chustaiméirí le Universal Class agus tá sé saor in aisce go gach ball de Leabharlanna dlr. Tá 400 cúrsa sa chatalóg, atá ag méadú i gcónaí. Tá Universal Class tiomanta d’oiliúint ar líne ar an gcaighdeán is airde a chur ar fáil. Tá leas bainte ag os cionn 300,000 mac léinn ar fud an domhain as teicneolaíochtaí  teagaisc uathúla Universal Class. Fíor-theagascóirí a stiúrann an fhoghlaim. Tá ceachtanna físe spéisiúla, timpeallacht foghlama chomhoibríoch, trialacha grádaithe ar na ceachtanna, teastais ghnóthachtála agus Aonaid Oideachais Leanúnaigh ar fáil do chúrsaí áirithe. Baineann mic léinn sult as taithí foghlama spéisiúil agus intomhaiste a chabhraíonn leo a spriocanna oideachais a bhaint amach agus a thaifeadadh.

Tá cúrsaí ar fáil i gcuntasaíocht, gnó, síceolaíocht, aclaíocht agus corpacmhainn, fiontraíocht, na healaíona agus ceol, cúram baile agus gairdín, cócaráil, ríomhaireacht agus teicneolaíocht, sláinte agus leigheas, scileanna scríbhneoireachta, dlí agus cúrsaí dlíthiúla, tuismitheoireacht agus an teaghlach, cúram peataí agus ainmhithe, agus na céadta ábhar eile.
Cuirtear cúrsaí ar líne ar ardchaighdeán ar fáil leis an tseirbhís seo, cúrsaí a chabhraíonn leat na scileanna a fhoghlaim atá de dhíth chun do spriocanna a bhaint amach. Mar chuid de na cúrsaí tá ceachtanna, scrúduithe, tascanna, fóram plé agus teagascóir a chabhróidh leat do thorthaí foghlama a bhaint amach.

Ar chlárú duit, iarrfar uimhir do chárta leabharlainne ort. Cliceáil ar an nasc thíos chun clárú nó chun síniú isteach chuig Universal Class.