Seomra ceoil

Tá seomra ceoil i Leabharlann Dheilginse.  Tá pianó agus cláirseach sa seomra agus is féidir le duine ar bith ar mian leis nó léi bheith ag cleachtadh, nó ar mian leis nó léi na huirlisí ceoil seo a sheinm an seomra a úsáid. Féadtar an seomra seo a úsáid freisin chun bheith ag cleachtadh ar uirlisí eile, go háirithe téaduirlisí agus gaothuirlisí.

Is gá an seomra a chur in áirithe. Glaoigh ar Leabharlann Dheilginse 01-2855277 nó seol ríomhphost chuig dalkeylib@dlrcoco.ie