Fighting Words as Gaeilge

Normal or One Off
GP_Fighting Words checked
Event Description

Ceardlann scríbhneoireachta do theaghlaigh le Fighting Words. Tá an ceardlann ar siúl trí Ghaeilge, le béim i gcónaí ar an gcruthaitheacht, ar an tsamhlaíocht, agus ar an spraoi. Is ar an duine ina iomláine atá muid dírithe i Fighting Words, agus cuirimid luach ard ar an bhféinmhuinín agus ar mheas a léiriú dá chéile. Maireann an cheardlann dhá uair an chloig. Scríobhann an grúpa tús scéil le chéile sa chéad leath den seisiún, agus ansin sa dara leath bíonn seans ag gach duine a gcuid scríbhneoireachta féin a dhéanamh- in aon seánra gur mian leo! Tugtar an seans do gach duine gabháil ag a luas féin, agus is féidir a bheith páirteach i scéalaíocht scríofa agus i scéalaíocht ó bhéal.
Ag deireadh na ceardlainne bíonn deis ag daoine a gcuid oibre a roinnt. Tugtar leabhrán do gach duine le tús an scéil agus pictiúir anmhaisitheora ann, le gur féidir leo toradh a gcuid oibre a bhreith leo abhaile.

Oiriúnach do theaghlaigh le páistí d'aois 7-12 mbl


Suitable for families with children aged 7-12 yrs


Book your space or Tel (01) 204 7220

Share
Contact Details
Email
dundrumlib@dlrcoco.ie
2.00 – 4.00pm

Dundrum Library

Cost
Free
Part of Major Event
Féile Bronntanas 2026

Event Map

53.292657, -6.246873

Events

View all

We care about your feedback. Have your say.

Is this page useful?