Bí ag spraoi linn!

10 October 2017 / News
labelled with

GLEO AN GHEIMHRIDH!

Táimid iontach sásta i Leabharlanna dlr a bheith ag comhoibriú le Grúpa Spraoi Tuismitheoirí agus Leanaí Ghlór na nGael, Deisceart Átha Cliath. Is grúpa é seo a thugann tacaíocht do dhaoine a dteaghlaigh a thógáil le Gaeilge. Eagraíonn an grúpa imeachtaí spraoi trí Ghaeilge do leanaí sa cheantar.

Beidh imeachtaí rialta trí Ghaeilge againn i dlr LexIcon gach dara Satharn den mhí ón 2.30-4.00p.m. ón 14 Deireadh Fómhair. Beidh Sadhbh Devlin anseo an lá sin lena pictiúrleabhar álainn nua Bí ag spraoi liom!, maisithe ag Tarsila Kruse agus foilsithe ag Futa Fata. Ag an gceardlann seo, tar agus 'bí ag spraoi' le Sadhbh, a léifidh óna scéal nua do pháistí óga agus a dhéanfaidh ceardaíocht bunaithe ar théamaí an scéil ina dhiaidh. Táimid cinnte go mbeidh an-spraoi ag páistí óna 3-7 mbliana d'aois le Sadhbh!

Beidh ceardlann Ióga againn ar Dé Sathairn 11 Samhain le Ben Ó Dálaigh ó Óga Yoga. Tá sé mar sprioc ag ceardlanna Óga Yoga páistí a spreagadh agus a chumasú chun iad féin a chur in iúl trí ghluaiseachtaí spraíúla. Cuirfidh an ceardlann seo le cruthaíocht agus le comhoibriú chomh maith le suaimhneas coirp agus intinne an pháiste. Beidh an ceardlann seo dírithe ar pháistí óna 5-10 mbliana d’aois. Caith éadaí compordach!

Dé Sathairn 9 Nollaig beidh seisiún scéalaíochta agus amhráin leis an aisteoir, údar agus stiúrthóir Diarmuid de Faoite. Cuirfidh an sár-scéalaí agus aisteoir iomráiteach Diarmuid de Faoite a leabhar M'asal beag dubh agus scéalta eile i láthair. Is cinnte go mbainfear sult as an seisiún scéalaíochta meidhreach seo dírithe ar pháistí óna 5-10 mbliana d’aois.

Beidh taispeántas leabhar agus acmhainní Gaeilge, Leabharlann an LexIcon ar siúl le linn na himeachtaí.

Beidh na himeachtaí go léir ar siúl trí mheán na Gaeilge agus saor in aisce. Tá fáilte mhór roimh chách!

Áirithintí le noirin@glornangael.ie

Míle buíochas le hAoife, Clodagh, Jenny, Nicole agus Siobhán ón nGrúpa Spraoi chomh maith le Foras na Gaeilge, Glór na nGael agus Féile IMRAM atá tar éis tacaíocht agus maoiniú a chur ar fáil do na himeachtaí seo.

____________________________________________________________________________________________

dlr Libraries are delighted to team up with Grúpa Spraoi Tuismitheoirí agus Leanaí Ghlór na nGael, Deisceart Átha Cliath. This group provides support to families raising their children in Irish. They arrange fun activities through Irish for children in the area.

From 14 October there will be regular Irish language activities for children at dlr LexIcon, held from 2.30-4.00pm on the second Saturday of the month. Sadhbh Devlin will be joining us on the 14th with her beautiful new picturebook Bí ag spraoi liom!, illustrated by Tarsila Kruse and published by Futa Fata. Come and join Sadhbh as she reads from her new book for young children. There will be an art workshop afterwards based on the themes of the book. We are sure that children from 3 to 7 will have great fun with Sadhbh!

Ben Ó Dálaigh from Óga Yoga will join us on Saturday 11 November for a yoga session. Óga Yoga sessions aim to inspire and empower children to express themselves through fun movement. These sessions support children's creativity and co-operation, and relaxation of body and mind. This session will be suitable for 5-10 year olds. Be sure to wear some comfortable clothes!

On Saturday 9 December we will have a storytelling and singing session with actor, author and director Diarmuid de Faoite. Diarmuid who is a celebrated storyteller and renowned actor will introduce us to his book M'asal beag dubh agus scéalta eile. Children from 5 to 10 are sure to enjoy this lively storytelling session!

Be sure to check out the Irish language resources available in the library on your visit.

All of the activities will be through Irish and are free of charge. All are welcome!

Booking to noirin@glornangael.ie

A very big thank you to Aoife, Clodagh, Jenny, Nicole and Siobhán from the Grúpa Spraoi, as well as Foras na Gaeilge, Glór na nGael and the IMRAM Festival for their support and sponsorship of all these events.

Share this Post