Seachtain na Gaeilge 2021!

General News
seachtain-na-gaeilge-_2

Bígí linn le haghaidh ár dTráthanna na gCeist, Dé Máirt 9ú do dhaoine fásta agus Dé Máirt 16ú do chlanna (iad araon ag tosnú 19:30).


An mian leat miotais a chloisint ó scéalaí Róisín Murphy agus na cúpla focal sa bhreis? Glac páirt mar theaghlach sna seisiúin iontacha, dátheangacha seo, ar YouTube agus ar ardáin na meán sóisialta, Dé Céadaoin 3ú agus 10ú Márta.


Mar is eol do chách, chuir Naomh Pádraig an ruaig ar na nathair go léir. Bheuil, tá an t-iomrá ann go bhfuil roinnt fágtha i Zú Bhaile Átha Cliath! Beidh lucht fiúntach Zú Bhaile Átha Cliath ag tabhairt eolais sa bhreis ar a nathracha éachtacha. Beidh gníomhaíochtaí beo ar siúl Dé Máirt 16ú ar 15:00 agus arís ar 16:00.


Dúisigh dlr: Awaken dlr. Coimeád súil amach d’fhíseanna uathúla an tionscnaimh seo ar an 16ú, 17ú agus 18ú de Mhárta. Chuaigh cláirseoir Aisling Ennis i gcomhar le grianghrafaí Ger Holland chun iad a chruthú. Bí ag súil le hamhairc mhaidineacha dár gcontae álainn agus buncheol cláirsí leo.

Beidh Scéalaíocht as Gaeilge ar bun againn chomh maith i rith Sheachtain na Gaeilge, idir Shadhbh Devlin agus ár bhfoireann leabharlanna. Beidh Sadhbh ag léamh a pictiúrleabhar ‘Bí ag Spraoi Liom’ agus bainfidh chuile duine a bhfuil suim acu sa ghaeilge agus sna pictiúrleabhair sult as an gceann iontach seo.


Agus faoi dheireadh, Gabh croíthe Éireannacha le chéile, cruthaigh seamróga ollmhóra i gceiliúradh Lá Fhéile Pádraig. Ár mbuíochas le hAoife agus Pat ó Wicklow Willow. Beidh ceithre fhís á roinnt againn ar-líne roimh an 17ú de Mhárta. Foghlaimeofar faoi shaol agus finscéalta Phádraig le linn a óige. Gheobhfar amach conas agus cá háit is féidir na hábhair riachtanacha a bhailú lasmuigh faoin aer. Déanfar croíthe is baileofar le chéile iad chun seamróga ollmhóra a chruthú! Is féidir iad siúd a thaispeáint taobh amuigh nó istigh is a mhaisiú le dathanna nó mar is mian leat.

Come join us for Irish language Quizzes for adults on Tuesday 9th and for children and families on Tuesday 16th March, 7.30pm.

Would you like to listen to some myths from storyteller Roisin Murphy and hear some cuplá focal while you are at it? Join in as a family for these unique Irish bilingual storytelling sessions on our You Tube and social media platforms on Wed 3 and 10 March.

We all know the rumour that St Patrick banished snakes from Ireland! Well the wonderful folks at Dublin Zoo want to give us a little more background on snakes, rumour has it St Patrick didn’t fully eradicate all snakes and there are a few to explore at Dublin Zoo, a must see live event for all reptile lovers and indeed for those even mildly curious about these fascinating creatures! 3pm and 4pm on Tuesday 16 March.


Dúisigh dlr: Awaken dlr. Watch out for these unique St Patrick 's Day posts on 16th, 17th and 18th of March.  This is a delightful collaboration with photographer Ger Holland and harpist Aisling Ennis and will feature short videos of early morning scenes from our beautiful county with accompanying original harp music. 


Look out for Storytime as Gaeilge during Seachtain Na Gaeilge, courtesy of both library staff and Sadhbh Devlin, who will read ‘Bí ag Spraoi Liom’, everyone who enjoys picture books and Irish will enjoy this enjoyable reading.


Finally, Bring Irish hearts together, make Giant Shamrocks for St.Patrick's Day. Thanks to our friends Aoife and Pat at Wicklow Willow, we’ll be sharing four videos with you ahead of 17 March for all the family to watch. You’ll learn all about the life and legends of the young Patrick, how and where to find the materials you need outdoors, a workshop to create hearts that join together to make giant Shamrocks for St. Patrick’s Day! These giant shamrocks can then be displayed indoor/outdoor and decorated with green white and orange tinsel or fairy lights.

 

News

View all